Dublin Port Pass

CAITHFIDH gach Oibrí Calafoirt, Cuairteoir agus Conraitheoir ar gá dóibh dul isteach sna Comhlimistéir d’Úsáideoirí Pas Chalafort Átha Cliath a líonadh

Thug Cuideachta Chalafort Bhaile Átha Cliath (DPC) isteach ceanglas éigeantach Sláinte & Sábháilteachta agus slándála ar a dtugtar ‘Dublin Port Pass’ in 2020.

Tá sé ina riachtanas éigeantach anois do gach fostaí calafoirt, tionóntaí, conraitheoirí, criú long agus cuairteoirí a dteastaíonn rochtain uathu ar na Limistéir Chomhchoiteanna Úsáideora i gCalafort Bhaile Átha Cliath (féach an léarscáil) chun próiseas rialaithe rochtana agus ionduchtaithe dhá chéim a chur i gcrích go rathúil:

Má tá ríomhphost faighte agat maidir le do phas do Chalafort Bhaile Átha Cliath a athnuachan, ní gá duit ach an ionduchtú a chomhlánú (Céim 1 thíos).

Céim a hAon

Cúrsa ionduchtúcháin Phas Chalafort Átha Cliath a chur i gcrích go rathúil

Céim a Dó

Cuir isteach ar Chárta um Rialú Rochtana

Dearadh cúrsaí ionduchtúcháin Phas Chalafort Átha Cliath mar chuid de thiomantas Dublin Port Company i leith na sábháilteachta. Caithfidh Úsáideoirí an Chalafoirt modúl oiliúna ábhartha Phas Chalafort Átha Cliath a chur i gcrích le rochtain a fháil ar limistéir* taobh istigh de Chalafort Átha Cliath atá ainmnithe mar teoranta. Ar chríochnú rathúil Phas Chalafort Átha Cliath, beidh tú ábalta cur isteach ar Chárta um Rialú Rochtana de chuid Chalafort Átha Cliath. Leis an gcárta sin beidh tú ábalta dul isteach sna limistéir a bhfuil ionduchtúchán déanta agat dóibh

Daoine a bhfuil Cárta um Rialú Rochtana acu cheana: Ní bheidh orthu Céim a Dó a chur i gcrích agus déanfar a gcuid rochtana a nuashonrú go huathoibríoch don limistéar ábharthach nuair a bheidh an t-ionduchtúchán ar líne curtha i gcrích acu go rathúil.

Baineann sé seo freisin má tá ríomhphost faighte agat maidir le do phas Chalafort Bhaile Átha Cliath a athnuachan – ní gá duit ach an ionduchtú a chomhlánú (Céim 1).

Níl costas ar bith ar an bpróiseas dáchéimneach sábháilteachta agus slándála a chur i gcrích; ach gearrfar €20 as cártaí ionaid um rialú rochtana.

Cá bhfuil an Comhlimistéar d’Úsáideoirí?

Cuimsíonn an Comhlimistéar d’Úsáideoirí na limistéir seo a leanas ar an taobh thuaidh den Chalafort, atá inrochtana ó Bhóthar Alexandra;

  • Cé Alexandra Thoir, a bhfuil trí bheart i seirbhís aici (beartanna 38, 39 agus 40)
  • Cé an Aigéin (Duga Alexandra Thoir), a bhfuil sé bheart ilfheidhme i seirbhís aici (beartanna 32-37), mar aon le dhá rampa Ró-Ró
  • Cé Alexandra Thiar, a bhfuil ceithre bheart i seirbhís aici (beartanna 28-31), mar aon le rampa Ró-Ró amháin

Chomh maith leis sin, tá dhá bheart i seirbhís (beartanna 46-47) ar an taobh theas den Chalafort, áit ar a dtugtar Cé an Ghuail go minic.

*Tabhair do d’aire:

Dublin Port Company (DPC) a dhéanann rochtain a bhainistiú ag: Uimh.1 & 2,an Craobh-bhóthar Theas agus ag Comhlimistéar d’Úsáideoirí South Port

Doyle Shipping Group (DSG) a dhéanann rochtain a bhainistiú ag: Uimh. 3 & 4 , an Craobh-bhóthar Theas – Críochfort Coimeádán Ché Alexandra

 

CÉIM A hAON: Ionduchtúchán Phas Chalafort Átha Cliath

Óstálann Flex Manager an cúrsa ionduchtúcháin do Phas Chalafort Átha Cliath agus glacfaidh sé thart ar 30 nóiméad le cur i gcrích:

  • CLICEÁIL CLÁRAIGH ANOIS -thíos
  • ROGHNAIGH an limistéar i gCalafort Átha Cliath a bhfuil tú ag iarraidh rochtain a fháil air*
  • CUIR I gCRÍCH an próiseas clárúcháin: Ainm, Seoladh ríomhphoist, Uimhir ghutháin
  • FÍORAIGH cé thú féin le grianghraf ó ghléas le ceamara, m.sh. ceamara gréasáin, ríomhaire glúine, fón cliste nó táibléad
  • AMHARC AR an bhfíseán ionduchtúcháin; foghlaim faoi na rioscaí agus na riachtanais don tsláinte, sábháilteacht agus slándáil thimpeallachta
  • FREAGAIR 15 ceisteanna ilrogha,
  • BAIN íos-scór de 80% amach chun pas a fháil
  • TÉIGH AR AGHAIDH chuig Céim a Dó agus cuir isteach ar cárta um rialú rochtana nua

Bíonn ar Úsáideoirí Calafoirt Ionduchtúchán Phas Chalafort Átha Cliath a athdhéanamh gach ceithre bliana. Is riachtanas éigeantach é seo le cinntiú go bhfanann caighdeáin an chalafoirt um oiliúint sábháilteachta seasmhach agus suas chun dáta thar gach duine a bhfuil cárta rochtana acu.

 

DÉAN IONDUCHTÚCHÁN PHAS CHALAFORT ÁTHA CLIATH  

CÉIM A DÓ: IARRATAS AR CHÁRTA UM RIALÚ ROCHTANA

Agus Céim a hAon , curtha i gcrích go rathúil acu, tá Úsáideoirí Calafoirt ábalta iarratas a chur isteach ar Chárta um Rialú Rochtana.

Daoine a bhfuil Cárta um Rialú Rochtana acu cheana: Déanfar rochtain a nuashonrú go huathoibríoch don limistéar ábharthach nuair atá an t-ionduchtúchán ar líne curtha i gcrích go rathúil.

Iarrthóirí Nua ar Chárta Rochtana: Cuir isteach ar Chárta um Rialú Rochtana don limistéar a bhfuil tú ag iarraidh rochtain a fháil air (féach an léarscáil):

  • CLICEÁIL CUIR ISTEACH ANOIS thíos – Button Below
  • ROGHNAIGH an limistéar i gCalafort Átha Cliath a bhfuil tú ag iarraidh rochtain a fháil air*
  • COMHLÁNAIGH an fhoirm iarratais ar chárta um rialú rochtana
  • UASLÓDÁIL grianghraf digiteach a chloíonn leis na treoirlínte
  • SEOL ISTEACH an t-iarratas; gheobhaidh tú ríomhphost nuair atá do chárta réidh
  • BAILIGH do chárta um rialú rochtana ón gcuideachta ábhartha* le haitheantas fótagrafach bailí i bhfoirm Pas nó Ceadúnas Tiomána Éireannach/AE atá bailí

*Tabhair do d’aire:

Dublin Port Company (DPC) a dhéanann rochtain a bhainistiú ag: Uimh.No. 1 & 2 an Craobh-bhóthar Theas agus ag Comhlimistéar d’Úsáideoirí South Port

Doyle Shipping Group (DSG) ) a dhéanann rochtain a bhainistiú ag: Uimh.No. 3 & 4 an Craobh-bhóthar Theas – Críochfort Coimeádán Ché Alexandra

 

TOSAIGH AN tIARRATAS AR CHÁRTA UM RIALÚ ROCHTANA

CEISTEANNA COITIANTA

  • Cad iad na riachtanais rochtana atá ag athrú do na Comhlimistéir d’Úsáideoirí i gCalafort Átha Cliath?

    Tá riachtanas éigeantach nua Sláinte agus Sábháilteachta tugtha isteach ag Dublin Port Company darb ainm Pas Chalafort Átha Cliath. Is riachtanas éigeantach é do gach Úsáideoir Calafoirt próiseas dáchéimneach ionduchtúcháin agus rialaithe rochtana a chur i gcrích chun rochtain a fháil ar na Comhlimistéir d’Úsáideoirí i gCalafort Átha Cliath:

    Céim a hAon: Cúrsa Ionduchtúcháin Phas Chalafort Átha Cliath a chur i gcrích go rathúil
    Céim a Dó: Cuir isteach ar Chárta um Rialú Rochtana

  • Cá huair a mbeidh Pas Chalafort Átha Cliath agus an Cárta um Rialú Rochtana de dhíth orm?

    Beidh Pas Chalafort Átha Cliath rathúil agus Cárta um Rialú Rochtana bailí de dhíth ort chun rochtain a fháil ar an gComhlimistéar d’Úsáideoirí i ndiaidh an 28 Meán Fómhair 2020. Níl aon eisceacht ann. I ndiaidh an dáta sin, beidh polasaí dian “GAN PAS CHALAFORT ÁTHA CLIATH, NÍL CEAD ISTEACH, NÍL AON EISCEACHT ANN” i bhfeidhm ag Dublin Port Company agus Doyle Shipping Group don Chomhlimistéar d’Úsáideoirí.
    Cad a dhéanfaidh mé má fuair mé ríomhphost maidir le mo Dublin Port Pass a athnuachan

    Níl ort ach an ionduchtú a dhéanamh arís, atá leagtha amach ag Céim 1 thuas.

  • Cá huair a dtosaíonn an tréimhse clárúcháin?

    Tosaíonn an tréimhse clárúcháin Dé Mháirt, an 30 Meitheamh agus críochnaíonn sé ar 12.00i.n. Dé Luain, an 28 Meán Fómhair 2020. I rith an ama sin, beidh Dublin Port Company ag obair i gcomhpháirtíocht le tionóntaí calafoirt, oibritheoirí, comhlachtaí ionadaíocha agus eagraíochtaí tionscail le cinntiú go bhfuil feasacht agus comhlíonadh ann maidir leis an riachtanas nua, agus beidh an riachtanas nua á chur in iúl aige d’úsáideoirí calafoirt agus cuairteoirí ar an talamh.

  • Cá bhfuil an Comhlimistéar d’Úsáideoirí?

    Cuimsíonn an Comhlimistéar d’Úsáideoirí na limistéir seo a leanas ar an taobh thuaidh den Chalafort, atá inrochtana ó Bhóthar Alexandra;
    ● Cé Alexandra Thiar, a bhfuil ceithre bheart i seirbhís aici (beartanna 28-31), mar aon le rampa Ró-Ró amháin
    ● Cé Alexandra Thoir, a bhfuil trí bheart i seirbhís aici (beartanna 38, 39 agus 40)
    ● Cé an Aigéin (Duga Alexandra Thoir), a bhfuil sé bheart ilfheidhme i seirbhís aici (beartanna 32-37), mar aon le dhá rampa Ró-Ró.

    Chomh maith leis sin, tá dhá bheart i seirbhís (beartanna 46-47) ar an taobh theas den Chalafort, áit ar a dtugtar Cé an Ghuail go minic

  • Cé a bhainistíonn rochtain ar na bealaí isteach difriúla ar an gComhlimistéar d’Úsáideoirí?

    Dublin Port Company (DPC) a dhéanann rochtain a bhainistiú ag: Uimh. 1 & 2, an Craobh-bhóthar Theas agus ag Comhlimistéar d’Úsáideoirí South Port.
    Doyle Shipping Group (DSG) a dhéanann rochtain a bhainistiú ag: Uimh. 3 & 4, an Craobh-bhóthar Theas – Críochfort Coimeádán Ché Alexandra

  • Cad é Cúrsa Ionduchtúcháin Phas Chalafort Átha Cliath?

    Is clár oiliúna ionduchtúcháin ar líne é Pas Chalafort Átha Cliath a phléann le cúrsaí Comhshaoil, Sláinte, Sábháilteachta agus Slándála, agus a dearadh do gach duine atá ag iarraidh rochtain a fháil ar limistéir taobh istigh de Chalafort Átha Cliath atá ainmnithe mar theoranta nó obair a dhéanamh sna limistéir sin. Beidh sé riachtanach cúrsa ionduchtúcháin Phas Chalafort Átha Cliath a chur i gcrích chun rochtain a fháil ar na Comhlimistéir d’Úsáideoirí ó Luan an 28 Meán Fómhair 2020.

  • Cad é mar a mbeidh a fhios agam an gá dom é a fháil?

    Má tá rochtain ar an gComhlimistéar d’Úsáideoirí de dhíth ort, CAITHFIDH an próiseas dáchéimneach sábháilteachta agus slándála a bheith curtha i gcrích agat roimh an Luan an 28 Meán Fómhair 2020: Céim a hAon: Ionduchtúchán Phas Chalafort Átha Cliath
    Céim a Dó: Iarratas ar Chárta um Rialú Rochtana

  • An bhfuil Pas Chalafort Átha Cliath de dhíth orm chun rochtain a fháil ar na Críochfoirt Farantóireachta i gCalafort Átha Cliath?

    Faoi láthair, níl sé de dhíth ort chun rochtain a fháil ar na Críochfoirt Farantóireachta i gCalafort Átha Cliath. Ní gá d’oibrithe calafoirt, cuairteoirí agus conraitheoirí an cúrsa ionduchtúcháin do Phas Chalafort Átha Cliath a chur i gcrích agus iarratas a chur isteach ar cárta um rialú rochtana ach amháin má tá rochtain ar na Comhlimistéir d’Úsáideoirí i gCalafort Átha Cliath de dhíth orthu. Tá níos mó eolais thuas faoi cá háit a bhfuil na Comhlimistéir d’Úsáideoirí lonnaithe.

  • Cén dóigh an dtig liom clárú don Ionduchtúchán Ar Líne do Phas Chalafort Átha Cliath?

    Logáil isteach ar www.dublinport.ie/dublinportpass/ agus cliceáil CLÁRAIGH ANOIS.
    Óstálann Flex Manager cúrsa ionduchtúcháin Phas Chalafort Átha Cliath. Ba chóir go nglacfaidh an t-ionduchtúchán thart ar 30-45 nóiméad le cur i gcrích agus osclaíonn sé don chlárú i Meitheamh 2020. Caithfidh tú an clárú a chur i gcrích, an príomhlimistéar i gCalafort Átha Cliath a roghnú a bhfuil rochtain de dhíth ort air, grianghraf a úsáid chun d’aitheantas a fhíorú agus leanúint ar aghaidh chuig an gcúrsa ionduchtúcháin. Tabhair do d’aire: Má tá rochtain bhreise ar limistéir eile taobh istigh den Comhlimistéar d’Úsáideoirí de dhíth ort, déan teagmháil le Dublin Port Company nó Doyle Shipping Group.

  • Cad é atá i gceist leis an gcúrsa ionduchtúcháin ar líne?

    Iarrtar ort féachaint ar fhíseán ionduchtaithe chun foghlaim faoi na rioscaí agus na ceanglais maidir le sláinte comhshaoil, sábháilteachta agus slándála agus ansin dul ar aghaidh chun sraith de 15 cheist ilroghnacha a fhreagairt, ní mór gach ceann díobh a fhreagairt, ní mór scór iomlán de 80% a bhaint amach. chun pas a fháil sa chúrsa.

  • Cad a tharlóidh má bhíonn deacrachtaí agam agus mé ar an ardán 'Flex Manager'?

    Má bhíonn aon deacrachtaí teicniúla agat maidir le d’ionduchtúchán ar líne a chomhlánú, is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig: support@cgatechnology.com

    Tá ‘Flex Support’ ar fáil ó Luan go hAoine 9.00rn go 10.00in.

  • Cad a tharlaíonn nuair a bhainim pas sa chúrsa ionduchtaithe ar ‘Flex Manager’?

    Nuair a éiríonn leat sa chúrsa ionduchtaithe gheobhaidh tú deimhniú ríomhphoist ó Flex Manager.

  • Má theipeann orm i gcúrsa ionduchtúcháin Phas Chalafort Átha Cliath, cad a tharlóidh?

    Mura n-éiríonn leat scór iomlán 80% a bhaint amach ní theipfidh ort ionduchtú Phas Chalafort Átha Cliath. Is féidir leat an cúrsa a dhéanamh arís chomh minic agus is gá ar an ardán Bainisteoir Flex go dtí go gcríochnaíonn tú an cúrsa go rathúil. Moltar na ceisteanna ilroghnacha a thosú ón tús ag léamh na roghanna ceisteanna agus freagraí go cúramach.

  • An bhfuil an t-ionduchtúchán oiliúna ar líne ar fáil i dteangacha difriúla?

    Tá cúrsaí ionduchtúcháin Phas Chalafort Átha Cliath ar fáil i sé theanga; Béarla, Gaeilge, Rúisis, Polainnis, Filipínis agus Rómáinis.

  • Cén dóigh a dtéann mé ar aghaidh chuig Céim a Dó agus a gcuirim isteach ar mo Chárta um Rialú Rochtana nuair atá an t-Ionduchtúchán curtha i gcrích agam?

    Nuair atá an t-ionduchtúchán curtha i gcrích agat go rathúil ar ‘Flex Manager’, iarrfar ort filleadh ar www.dublinport.ie/dublinportpass/, ansin is féidir leat dul ar aghaidh chuig Céim a Dó agus cur isteach ar Chárta um Rialú Rochtana ach CUIR ISTEACH AIR ANOIS a chliceáil

  • Tá cárta agam don Chomhlimistéar d’Úsáideoirí i gCalafort Átha Cliath cheana, cad a tharlóidh anois?

    Daoine a bhfuil Cárta acu cheana: Ní bheidh orthu Céim a Dó (Iarratas ar Chárta Rochtana) a chur i gcrích agus déanfar a gcuid rochtana a nuashonrú go huathoibríoch don limistéar ábharthach nuair atá an t-ionduchtúchán ar líne curtha i gcrích acu go rathúil.

  • Níl Cárta um Rialú Rochtana don Chomhlimistéar d’Úsáideoirí agam. Cén dóigh a chuirfidh mé isteach air?

    Iarrthóirí ar Chártaí Nua: Ar chríochnú rathúil d’Ionduchtúchán Phas Chalafort Átha Cliath, beidh Úsáideoirí Calafoirt ábalta cur isteach ar Chárta um Rialú Rochtana ach logáil isteach ar www.dublinport.ie/dublinportpass/ agus CUIR ISTEACH AIR ANOIS a chliceáil

  • Cad iad na sonraí atá de dhíth orm le hiarratas a chur isteach ar Chárta um Rialú Rochtana?

    Caithfidh tú na sonraí ábhartha uilig a chomhlánú ar an iarratas ar chárta um rialú rochtana, m.sh. Ainm, Seoladh, Seoladh Ríomhphoist, srl. Chomh maith leis sin, caithfidh tú grianghraf digiteach a uaslódáil a chomhlíonann na treoirlínte. Cuirfear an grianghraf sin ar do chárta um rialú rochtana chun d’aitheantas a dheimhniú.

  • Cá fhad a mhaireann bailíocht Phas Chalafort Átha Cliath agus an Chárta um Rialú Rochtana?

    Beidh ar na daoine a bhfuil Pas Chalafort Átha Cliath acu an oiliúint a athdhéanamh agus a gcárta um rialú rochtana a athnuachan gach ceithre bliana. Gheobhaidh tú ríomhphost ag tabhairt comhairle duit nuair a bheidh ort do Phas Chalafort Bhaile Átha Cliath a athnuachan.

  • Cá mhéad a chosnaíonn sé?

    Níl costas ar bith ar an bpróiseas dáchéimneach sábháilteachta agus slándála a chur i gcrích; ach gearrfar €20 as cártaí ionaid um rialú rochtana.

  • Cad faoi “cuairteoirí aonuaire” ar an gComhlimistéar d’Úsáideoirí i gCalafort Átha Cliath?

    Ba chóir go mbeadh cúis bhailí ag gach uile dhuine a théann isteach sa Chomhlimistéar d’Úsáideoirí i gCalafort Átha Cliath agus beidh Pas Chalafort Átha Cliath agus Cárta um Rialú Rochtana bailí de dhíth orthu. Níl aon eisceacht ann. Iarrfaidh Dublin Port Harbour Police / Port Security ar aon duine nach bhfuil Pas Chalafort Átha Cliath ná Cárta um Rialú Rochtana bailí acu, atá sa Chomhlimistéar d’Úsáideoirí, imeacht as an gcalafort.

  • An gcaithfidh mé mo Chárta um Rialú Rochtana a iompar liom / a léiriú / a thaispeáint agus mé ag dul isteach sa Chomhlimistéar d’Úsáideoirí?

    Caithfidh gach duine atá ag dul isteach sa Chomhlimistéar d’Úsáideoirí a gCárta um Rialú Rochtana a iompar leo i gcónaí.

  • Cad a tharlóidh mura bhfuil Pas Chalafort Átha Cliath / Cárta um Rialú Rochtana agam?

    Gan Pas – Níl Cead Isteach – Níl Aon Eisceacht Ann. Mura bhfuil an próiseas dáchéimneach sábháilteachta agus slándála curtha i gcrích agat, caithfidh tú logáil isteach ar www.dublinport.ie/dublinportpass/ agus amhlaidh a dhéanamh.

  • An mbeidh Pas Chalafort Átha Cliath / Cárta um Rialú Rochtana de dhíth ar dhaoine do limistéir theoranta eile i gCalafort Átha Cliath?

    Beidh. Beidh an próiseas Dáchéimneach sábháilteachta agus slándála curtha i bhfeidhm i limistéir le rochtain theoranta eile i gCalafort Átha Cliath, mar shampla an Zón Ola.

  • Tá rochtain ar an Zón Ola de chuid Chalafort Átha Cliath, ar Bhóthar Breakwater, de dhíth orm chun críocha oibre. Cén dóigh a chríochnaím an Próiseas Dáchéimneach do Phas Chalafort Átha Cliath don limistéar seo?

    Caithfidh gach oibrí calafoirt agus conraitheoir a bhfuil rochtain ar an Zón Ola de dhíth orthu Pas Chalafort Átha Cliath don Zón Ola a chur i gcrích. Chuaigh Dublin Port Company i mbun plé leis na cuideachtaí ola agus cothabhála éagsúla atá rochtain de dhíth orthu don limistéar seo go laethúil agus tugadh na sonraí ábhartha.

    Caithfidh cuairteoirí neamhrialta ar an Zón Ola teagmháil a dhéanamh leis an Maor Dóiteáin atá ar dualgas ach an gléas idirchumarsáide geata a bhrú ar theacht dóibh chun an láithreáin.

    P: 01 855 9010
    E: oilzoneportpass@dublinport.ie

  • Is Mairnéalach mé a thugann cuairt go rialta ar Chalafort Átha Cliath. An gcaithfidh mé Pas Chalafort Átha Cliath a chur i gcrích?

    Mar chuid de chlár Phas Chalafort Átha Cliath is riachtanas éigeantach sláinte, sábháilteachta agus slándála é do gach Mairnéalach atá ag dul isteach / amach as an gComhlimistéar d’Úsáideoirí agus an Zón Ola, ceann de dhá rogha a cur i gcrích:

    1.3.1 Ag glaoch go rialta ar Chalafort Bhaile Átha Cliath - ar árthaí a thugann cuairt níos mó ná uair amháin in aghaidh na bliana féilire - ní mór dóibh an próiseas iarratais ar chárta rialaithe rochtana agus ionduchtaithe Pas Dhá Chéim Chalafort Bhaile Átha Cliath a chomhlánú.

    1.3.2 Glaonna Neamhrialta go Calafort Bhaile Átha Cliath – a thugann cuairt ar shoithí níos lú ná uair amháin sa bhliain féilire – i dteideal an Treoir Sábháilteachta do Mharaithe a chomhlánú chun Pas Cladaigh sealadach a fháil.

    Tá Pasanna Cladaigh Sealadacha ar fáil ag:

    https://www.dublinport.ie/dublinportpass/seafarers-safety-guide/